Skip to main content

Gaeilge / Irish language

Seirbhís Ghaeilge na Comhairle

Fáiltíonn Comhairle Ceantair Lár Uladh roimh phobal na Gaeilge feidhm a bhaint as seirbhísí na Comhairle trí mheán na Gaeilge a oiread agus is féidir. Tá cuspóirí ar leith ag Comhairle Ceantair Lár Uladh maidir leis an Ghaeilge mar a leanas:

  • Úsáid agus forbairt na Gaeilge a spreagadh agus a éascú taobh istigh de cheantar na Comhairle

  • Caighdeán agus infhaighteacht sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú agus a éascú sa cheantar

  • An Ghaeilge agus Cultúr na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn mar rud luachmhar i measc an phobail i gcoitinne

  • Stádas na teanga a ardú i gComhairle Ceantair Lár Uladh féin agus i measc na n-eagraíochtaí poiblí eile sa cheantar le léibhéil úsáide na teanga a mhéadú

  • Seirbhís aistriúcháin agus ateangaireachta inmheánach a chur ar fáil

  • Feasacht chultúrtha agus teanga a spreagadh i measc an phobail

Samplaí de sheirbhísí atá ar fáil uainn i nGaeilge:

  • Litreacha a scríobh chugainn i nGaeilge

  • Cainteoir Gaeilge a iarraidh nuair a chuireann tú scairt orainn

  • Ateangaire a iarraidh le linn cruinnithe leis an Chomhairle nó le heagraíochtaí eile poiblí

  • Úsáid a bhaint as leagan Gaeilge d'ainm phearsanta

  • Úsáid a bhaint as leagan traidisiúnta de logainm

An bhfuil deacrachtaí agat le bailiú bruscair? Déan teagmháil linn i nGaeilge. Ag déanamh iarratais ar lorg maoinithe? Scríobh isteach chugainn i nGaeilge.

Tá eolas le fáil ar sheirbhisí agus ar thograí eile a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge trí na nascanna eile ar dheis.

Le tuilleadh eolais, scríobh chuig gaeilge@midulstercouncil.org

Faoi choinne nuashonruithe rialta agus scéala gabh chuig leathanach Facebook s’againn ag Gaeilge Lár Uladh.


The Council’s Irish Language Service

Mid Ulster District Council encourages the Irish language community to make use of Council services through the medium of Irish whenever possible. Council’s Irish language service has a number of objectives:

  • To encourage and enable the use of Irish in the Council district

  • To improve the quality and accessibility of public services in the Irish language locally

  • To promote the Irish language and its culture as an asset which belongs to the entire community

  • To raise the profile and standing of the language in the Council and in other public bodies in the district in order to increase the use of Irish

  • To provide an internal translation service

  • To encourage cultural and linguistic awareness in the community

Here are some examples of services you can avail of in Irish:

  • Write to us in Irish

  • Ask to speak to someone in Irish when you phone us

  • Ask for a translator when meeting with Council or other public bodies

  • Use the Irish language version of your name

  • Use the traditional Irish form of a place name

Have you got problems with refuse collection? Contact us in Irish. Applying for funding? Write to us in Irish.

Information on other services and projects associated with the promotion of Irish is available through the links on the right.

For more information, please contact gaeilge@midulstercouncil.org

For regular updates and news, see our Facebook page at Gaeilge Lár Uladh.